Seanchas a theaghlaigh. As Bun an Leaca bunadh a theaghlaigh, fear darbh ainm Séamus. Bhí fear eile, Mícheál, i mBedlam i nGort an Choirce. Bhí a chol ceathar as Meiriceá ag déanamh crann an teaghlaigh agus dúirt seisean gur pósta ar bhean de chlann Uí Bhriain as Cill Ulta a bhí fear acu (MaryAnn O’Brien) ach shíl Jimeile é féin gur pósta ar bhean darbh ainm Ó Colla as an oileán, Inis Bó Finne, a bhí sé (Mícheál – a gharathair mór). Bhí an col ceathar seo ag obair ag DuPont i rith a shaoil agus thug Jimeile é féin cuairt air thall san Ghinéiv. Bhí post mór aige agus léir taistil le déanamh aige. Bhí sé ag obair do Rialtas Mheiriceá nuair a d’éirigh sé as an post sin.
Níl siad cinnte cé a bhí an Mícheál seo pósta air.
Bhí ceithre dhream Ó Colla ar an oileán ach ní raibh muintearthas ar bith idir aon cheann acu.
As clann Uí Fhearraigh i mBun an Inbhir ansin a tháinig sé féin, tá siad uilig curtha in aice a chéile i nGort an Choirce, a dhream as Bun an Inbhir agus as Inis Bó Finne. | 00:10:33 | |